Scoil Gheimhridh 2025

Scoil Gheimhridh Merriman 2025

Tá Scoil Gheimhridh Merriman 2025 ag dul ar aghaidh.
Beidh clár leasaithe i bhfeidhm. 
 
Beidh na himeachtaí ag tosú ag am lóin Dé Sathairn 25 Eanáir agus ag leanúint ar aghaidh go dtí am lóin Dé Domhnaigh 26 Eanáir. Athsceidealú déanta ar roinnt imeachtaí. Tuilleadh eolais thíos.
 
Ionad
The Old Ground, Inis
Dátaí
25-26ú Eanáir 2025 (Satharn go Domhnach)
Téama na Scoile: 
‘A chomharsain éistigí’ – ardáin don éigse inné agus inniu

Déanfar na bealaí éagsúla a gcuirtear an fhilíocht i láthair an phobail a phlé. Pléifear an chúirt éigse san ochtú haois déag, an dáimhscoil agus scoileanna éigse san fhichiú haois agus féachfar ar na bealaí a gcuirtear an fhilíocht agus na hamhráin dhúchasacha i láthair an phobail sa lá atá inniu ann. I measc na rannpháirtithe, beidh Diarmuid de Faoite, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Concubhar Ó Liatháin, Liam Ó Dochartaigh, Fearghas Mac Lochlainn, Éamon Ó Donnchadha, Bríd Ní Ghormáin, Emer O’Flaherty, Therese McInerney agus Edel Vaughan. Tá súil againn go mbeidh sibh inár dteannta in Inis! Tá an clár ar fáil thíos

Beidh an Scoil Gheimhridh ar siúl in Óstán an Old Ground, Inis, Contae an Chláir agus tá rátaí speisialta ar fáil:

  • 2 Oíche B&B agus Dinnéar tráthnóna amháin: €330.00 (Seomra aonair)
  • 2 Oíche B&B agus Dinnéar tráthnóna amháin: €400.00 (Seomra dúbailte)
  • 1 Oíche B&B agus Dinnéar tráthnóna amháin: €190.00 (Seomra aonair)
  • 1 Oíche B&B agus Dinnéar tráthnóna amháin: €250.00 (Seomra dúbailte)
  • 1 Oíche B&B: €150.00 (Seomra aonair)
  • 1 Oíche B&B: €170.00 (Seomra dúbailte)

Ba cheart áirithintí a dhéanamh ar an bhfón nó le ríomhphost agus Merriman (nó cód grúpa 222891) a lua chun na rátaí seo a fháil. (Old Ground Hotel: 065-6828127 nó sales@nulloldgroundhotel.ie)

Moltar áirithintí a dhéanamh a luaithe agus is féidir, mar nach bhfuil ach líon teoranta seomraí ar fáil ag na rátaí seo.

Is féidir ticéad deireadh seachtaine don Scoil a cheannach roimh ré ar Eventbrite. Clúdaíonn an ticéad seo gach imeacht de chuid na scoile.

Ceannaigh Ticéad Deireadh Seachtaine Anseo ar Eventbrite

Scoil Gheimhridh Merriman 2025

24 – 26 Eanáir 2025

‘A chomharsain éistigí’ – ardáin don éigse inné agus inniu

Óstán an Old Ground, Inis, Co. an Chláir

Clár na Scoile

Dé Sathairn 25 Eanáir 2025
      •  
      • 2.ooin Oscailt na Scoile: Diarmuid de Faoite
      • agus Cuairt ar Leabharlann na hInse – Taispeántas agus caint ar chúirt éigse na hInse
      • Ag teacht le chéile ag Leabharlann Phoiblí De Valera, Nasc Tóchair (Causeway Link), Inis, V95 CTN0
        Aíonna: Brian Ó Dálaigh, Ciara Fahy agus Síle Ní Choincheannain
        Arna eagrú i bpáirt le Leabharlann Chontae an Chláir
      • Cead isteach saor in aisce
      •  
      • Óstán an Old Ground
      • 4.00in Clárú (Deasc ar Oscailt ó 1.00in ar an Satharn)
    •  
      • 4.30in An éigse: mar a bhí, mar atá, mar a bheidh?
         Eoghan Mac Giolla Bhríde i mbun allagair le Máire Ní Neachtain
      •  
      •  
      • 5.15-6.00in Siompóisiam an Ollaimh Thomas Redshaw: Ardáin Ilghnéitheacha na hÉigse
      • Siompóisiam an Ollaimh Thomas Redshaw: Ardáin Ilghnéitheacha na hÉigse
        ‘Scoileanna éigse agus seanchais na Gaillimhe’ Liam Ó Dochartaigh
        ‘Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn’ Concubhar Ó Liatháin
        Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna
    •  
  •  
      • 8.30in Fonn, Féile agus Filíocht
      • Togha an cheoil agus na n-amhrán le cumadóirí, ceoltóirí agus fonnadóirí ag tabhairt léargas ar chumadóireacht agus seachadadh ealaíona béil na Gaeilge sa ré chomhaimseartha.
      • Aíonna: Fearghas Mac Lochlainn, Éamon Ó Donnchadha agus Bríd Ní Ghormáin
        Reachtaire: Róisín Nic Dhonncha
  •  
  •        10.00in Club Merriman
Dé Domhnaigh 26 Eanáir 2025
    • 11.00rn Dúchas agus Dóchas: amhráin Ghaeilge Chontae an Chláir ó ré na mbard go dtí nuachumadóirí an lae inniu
    •  
    • Edel Vaughan (feadóga agus guth), Emer O’Flaherty (pianó agus guth) agus Therese McInerney (fidil agus guth). Arna léiriú ag Diarmuid de Faoite.
      Reachtaire: Caitríona Ó Dochartaigh
    •  

Ionaid

Beidh na himeachtaí go léir ach amháin an chuairt ar Leabharlann na hInse ar siúl in Óstán an Old Ground, Inis, Co. an Chláir.

Ticéid agus Eolas