Alt le Diarmuid Breathnach é seo, mar le saol Bhrian Merriman (1749 – 1805), údar an dáin cháiliúil, Cúirt an Mheán Oíche.
Brian Merriman — a shaol
Is beag amhras atá ann ná gurbh é Cúirt an Mheán Oíche an dán grinn is mó le rá dár cumadh in Éirinn riamh
, a dúirt Seán Ó Tuama. Tá a bhfuil d’eolas cinnte i dtaobh an fhile ag an Dr. Liam P. Ó Murchú in Cúirt an Mheon-Oíche, 1982 (An Clóchomhar), mar a dtugann sé sleachta as na cuntais a scríobh Seán Ó Donnabháin, Eoghan Ó Comhraí agus Seán Ó Dálaigh. Ó Dálaigh ba thúisce a chuir an Chúirt i gcló (Mediae Noctis Concilium…, 1850) agus Risteárd Ó Foghludha ba thúisce a d’aimsigh eolas breise ar bheatha agus ar chúlra an fhile (Cúirt an Mheadhon Oíche, 1912 agus Cúirt an Mheadhón Oíche, 1949). Tá eolas freisin ag Kieran Sheedy in Feakle, 1990. I measc na n-aistí léirmheasa nach miste a lua tá ar scríobh Seán Ó Tuama in Studia Hibernica 4 (1964) agus in Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995 (‘Brian Merriman and his Court’) agus ‘Brian Merriman agus Cúirt an Mheán Oíche’ in Merriman agus filí eile, 1985 le Art Ó Beoláin (An Clóchomhar).
In Inis Díomáin, Condae an Chláir, a rugadh é agus deirtear gur bean de mhuintir Mhic Uilcín a mháthair, gur phós sí Merriman, saor cloiche siúlach a bhí ag obair sa cheantar. D’aistrigh siad go dtí an Fhiacail nuair a fuair a leasathair obair le déanamh in eastát Uí Eára sa Chathair. Ar ball bhí feirm bheag in aice le Loch Gréine ag Brian agus scoil scairte aige in aice le faiche an aonaigh i gCill Chláráin. Níor phós sé go dtí tuairim 1787 agus Kathleen Collins (nó Cáit na Máistreása) ab ainm dá bhanchéile, más fíor. Rugadh beirt iníon dóibh, Mary i 1790 agus Catherine i 1795. Bhronn an Royal Dublin Society dhá dhuais air i 1797 as an mbarra lín a bhí aige. Deirtear go raibh eagla air go bhfuadófaí na cailíní ar ball i ngeall ar an airgead a bhí aige féin agus gur aistrigh sé go Luimneach. Bhí scoil aige ansiúd agus ann a d’éag sé. Nuair a bhí eagrán 1912 á réiteach ag Ó Foghludha d’iarr sé ar an scoláire Eleanor Hull a sheiceáil i Músaem na Breataine cad a bhí le rá i dtaobh bhás an fhile ag General Advertiser and Limerick Gazette ar an Luan 29 Iúil 1805. Is é a fuair sí: Died: on Saturday morning, in Old Clare Street, after a few hours illness, Mr. Bryan Merryman, teacher of Mathematics, etc.
Fágann sin gur ar 27 Iúil 1805 a d’éag sé. Cuireadh é sa bhFiacail.
Deirtear gur phós duine de na cailíní táilliúir dar sloinne Ó Riain i Luimneach. Tá an tagairt seo ag Eibhlín Ní Dhonnchadha in Tomás Ó Conchubhair agus a chuid filidheachta, 1953: Timpeall leathmhíle slí ó 12 Duke Street, Piccadilly, bhí cónaí ar tháilliúir eile a chuaigh anonn go Sasana le linn Thomáis agus a bhí ag gabháil dá cheird thall — Andrew Bugley, cliamhain Bhriain Merriman, a chónaigh ag 6 Denzelle Street, Clare Market.
Glacann Liam P. Ó Murchú leis gur ag Antoine Ó hÍomhair in Inis Díomáin tuairim 1839 a bhí lámhscríbhinn átagrafaithe Mherriman féin den Chúirt. Sin í lámhscríbhinn Add. 6562 in Cambridge. B’éigean do Ó Murchú céad éigin de lámhscríbhinní a scagadh go cúramach sular bheartaigh sé a eagrán a bhunú ar an lámhscríbhinn sin. I measc na ndaoine a d’aistrigh go Béarla é tá Denis Woulfe, Arland Ussher, Frank O’Connor, Edward Lord Longford, David Marcus, Breandán Ó Beacháin, Thomas Kinsella, Patrick Power, Bowes Egan, agus Coslett Ó Cuinn.
Foinse: Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach, 1782 – 1881 Beathaisnéis (Baile Átha Cliath, An Clóchomhar Teoranta, 1999), lgh. 78 – 9. © Le caoinchead na n-údar.
Is féidir an t-alt seo a léamh ina iomláne ag ainm.ie.