Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.
Prós Liteartha na Gaeilge 1904 – 2004
- Ionad: Bun Raite, Co. an Chláir
- Dátaí: 30 Eanair – 1 Feabhra 2004
- Stiúrthóir: Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh
Clár
Ionaid
Is ins an Ionad Comhdhála in Óstán Fitzpatrick (+353 (0)61 361 177) a bheidh an dá léacht, an siompóisiam agus an Chúirt Éigse.
Is in Óstán Chaisleán Bhun Raite (trasna an bhóthair) a bheidh Seoladh Leabhar na Bliana.
Is i Seomra Chluain Monaidh in Óstán Fitzpatrick a bheidh Club Merriman an dá oíche.
Dé hAoine 30 Eanáir
- 5.30
- Clárú in Óstán Fitzpatrick, Bun Raite
- 7.15
- Fáiltiú (fíon & sólaistí)
- 8.15
- Oscailt na Scoile
- Le Siobhán Ní Shúilleabháin
- 8.30
- Léacht — Séadna in aois a chéid
- Leis an Dr. Liam Mac Mathúna, Coláiste Phádraig, Droim Conrach
- Cathaoirleach: An Dr. Pádraigín Riggs
- 10.30
- Club Merriman — Ceol le Donncha Ó Loinnse & Caitlín Ní Bheaglaoich
Dé Sathairn 31 Eanáir
- 10.30
- Siompóisiam —
- Diamaint as gual: prós na Gaeilge ag tús na mílaoise
- Leis an Dr. Máire Ní Annracháin, Ollscoil na hÉireann Má Nuad
- Éan bréan a mholas é féin
- Le Joe Steve Ó Neachtain
- Cathaoirleach: An Dr Bríona Nic Dhiarmada
- 14.15
- Seoladh Leabhar na Bliana — 1983 – 2002 Beathaisnéis
- Le Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach
- Cainteoir: An Dr. Angela Bourke
- Aoi-amhránaí: Pádraigín Ní Uallacháin
- 8.30
- Léacht — Idir Eagúil is Ammassalik: Scríoba Pinn
- Le Pádraic Breathnach, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
- Cathaoirleach: An Dr. Gearóid Denvir
- Club Merriman — Ceol le Donncha Ó Loinnse & Caitlín Ní Bheaglaoich
Dé Domhnaigh 1 Feabhra
- 11.00
- Cúirt Éigse na Scoile
- Le Joe Steve Ó Neachtain, Déirdre Ní Ghrianna, Pádraig Ó Cíobháin & Alan Titley
Cainteoirí
Tá beathaisnéisí le teacht.
Preaseisiúint i nGaeilge
Reachtálfar 36ú Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i mBun Raite, in oirdheisceart Chontae an Chláir, gar do chathair Luimnigh, ó Aoine go Domhnach, 30 Eanáir go 1 Feabhra 2004. In Óstán Fitzpatrick i mBun Raite a bheidh formhór imeachtaí na Scoile agus is é Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh, stiúrthóir na scoile don seachtú bliain as a chéile.
Déanfar comóradh le linn na Scoile ar fhoilsiú Séadna, leis an Athair Peadair, i bhfoirm leabhair i 1904. Breathnófar chomh maith ar phrós comhaimseartha na Gaeilge, 100 bliain tar éis don Phiarsach a fhógairt Here at last is literature
.
Siobhán Ní Shúilleabháin, duine de phríomhúdair na Gaeilge in iliomad genre, a osclóidh an Scoil. Is de bhunadh Chorca Dhuibhne í agus cónaí uirthi i gCathair na Gaillimhe le blianta fada.
An Dr. Liam Mac Mathúna, Cláraitheoir Choláiste Phádraig Droim Conrach, a thabharfaidh an chéad léacht tráthnóna Dé Aoine, Séadna in aois a chéid. Gaillimheánach lonnaithe i Luimneach, Pádraic Breathnach, Coláiste Mhuire gan Smál, a thabharfaidh léacht thráthnóna an tSathairn ar a shaol scríbhneora féin.
Beidh siompóisiam maidin an tSathairn leis an Dr Máire Ní Annracháin, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ag trácht ar staid reatha fhoilsiú an phróis agus Joe Steve Ó Neachtain, gearrscéalaí agus úrscéalaí, gan trácht ar a shaothar ilghnéitheach eile, ag caint ar a shaothar féin. (Éan bréan a mholas é féin
, a deir sé.) Páirteach sa Scoil freisin beidh an Dr. Pádraigín Riggs (Corcaigh), an Dr. Bríona Nic Dhiarmada (Luimneach) agus an Dr. Gearóid Denvir (Gaillimh).
Ócáid ríspeisialta i mbliana is ea foilsiú Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman, 1983 – 2002 Beathaisnéis le Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach. Seo é an tOchtú Imleabhar sa sraith seo ó na húdair chéanna. Éacht taighde, scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta is ea an tionscadal seo ar cuireadh tús leis breis is 20 bliain ó shin. Déanfar ceiliúradh cuí ar shraith na mBeathaisnéisí ag an Scoil Gheimhridh agus is í an Dr. Angela Bourke (Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath) a sheolfaidh an t-imleabhar is deireanaí i mBun Raite. Casfaidh Pádraigín Ní Uallacháin cúpla amhrán leis an ócáid a cheiliúradh.
Beidh Léamh Próis maidin an Domhnaigh (Lá ‘le Bríde) le clabhsúr a chur ar imeachtaí na Scoile. Léifidh Joe Steve Ó Neachtain, Déirdre Ní Ghrianna, Pádraig Ó Cíobháin agus Alan Titley sleachta as a saothar féin.
Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an Scoil Gheimhridh i mBun Raite. Is iad Donncha Ó Loinnse agus Caitlín Ní Bheaglaoich a bheidh i bhfeighil Chlub Merriman an dá oíche.
Press release in English
To follow.