Léim go: Clár
Eolas
Ní gá clárú roimh ré.
Níl aon táille ar imeachtaí na Scoile.
Tá naisc chuig na himeachtaí ar fáil thíos.
Ardán Zoom Webinar a bheidh in úsáid d’imeachtaí na Scoile. Ní bheidh ceamaraí ná micreafóin an lucht féachana lasta ach beidh deis ceisteanna a chur ag deireadh na seisiún tríd an bhfeidhm ‘Q&A’.
Cliceáil anseo má bhíonn fadhb agat ag nascadh le Zoom.
Nasc chuig an leathanach ballraiochta ar fáil anseo
Colm Cille agus Ceanannas: Turas Fíorúil agus Colm Cille na hÉigse: Léamh Filíochta agus Próis. Féach ar na himeachtaí seo ó Scoil Gheimhridh Merriman 2021 ag an nasc anseo
Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2021
- Dátaí
- 29ú Eanáir go 31ú Eanáir
(Aoine go Domhnach). - Ionad
- Ar líne.
- Téama
- Oidhreacht Cholm Cille.
- Stiúrthóirí
- Deirdre Nic Mhathúna agus Caitríona Ó Dochartaigh.
- Buíochas
- Gabhann Cumann Merriman buíochas le Foras na Gaeilge, Colmcille 1500, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Colmcille 1500 – Coiste Cuimhneachán Cheanannais, Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí, Comharchumann Ráth Chairn, Máire Herbert, Tomás Ó hAodha ⁊ Trevor Herbert.
- Gabhtar mórbhuíochas le Liam Ó Dochartaigh, iarChathaoirleach Chumann Merriman, le Mary O’Riordan, iarRúnaí, le Liam Ó hAisibéil, ball Coiste, ⁊ le Míċeál Ó Loċlainn, a rinne cúram den suíomh idirlín, as a saothar ar fad ar son an Chumainn.
Clár na Scoile
Chun dáta 26ú Eanáir
Dé hAoine 29 Eanáir
- 19.15
- Oscailt na Scoile
- An tOllamh Malachy Ó Néill, Propast, Campas Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh.
- 19.30
- Cérbh é Colm Cille? Colm Cille i dtraidisiún na muintire agus sa stair
- An tOllamh Lillis Ó Laoire agus an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha i mbun allagair leis an Dr Caitríona Ó Dochartaigh.
Dé Sathairn 30 Eanáir (1)
- 10.30
- Siompóisiam: Teanga, Oideachas agus Pobal ag cothú a chéile
- An Dr Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta, Foras na Gaeilge.
- An Dr Eibhlín Mhic Aoidh, Léachtóir Sinsearach san Oideachas trí mheán na Gaeilge, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.
- Pól Ó Frighil, Oifigeach Polasaí ⁊ Teangacha, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.
- Cathaoirleach: An Dr Deirdre Nic Mhathúna.
Dé Sathairn 30 Eanáir (2)
- 14.00
- Turas fíorúil ar Cheanannas.
- Turas fíorúil thart ar láithreacha a bhaineann le Colm Cille i gCeanannas na Mí. I gcomhar le Colmcille 1500 – Coiste Cuimhneachán Cheanannais, Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí agus Comharchumann Ráth Chairn.
- 14.45
- Seoladh leabhair.
- Prós Paiteanta: Aistí in ómós do Phádraic Breathnach (Coiscéim). Aistí in ómós do Phádraic Breathnach in eagar ag Laoise Ní Cheallaigh, Róisín Nic Dhonncha agus Breandán Ó Cróinín á sheoladh ag an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh.
- Reachtaire: An Dr Claire M. Dunne.
Dé Sathairn 30 Eanáir (3)
- 19.30
- Scéal na Gaeilge (ROSG 2012)
- Míreanna ón scánnán á léiriú agus á bplé ag Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir, agus ag an Ollamh Alan Titley, Scriptscríbhneoir agus Láithreoir.
- Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain.
Dé Domhnaigh 31 Eanáir
- 11.00
- Léamh filíochta agus próis in ómós do Cholm Cille
- Liam Ó Dochartaigh, Proinsias Mac a’ Bhaird agus An Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
- Reachtaire: An Dr Caitríona Ó Dochartaigh