Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2014

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint.

Emotional Life in Ireland.
An tAnam Mothála in Éirinn.

Dátaí
13ú go 17ú Lúnasa
(Céadaoin go Domhnach).
Suíomh
Inis, Contae an Chláir.
Stiúrthóir
An tOllamh Patricia Coughlan.

Fáilte go dtí an Scoil

Ag Scoil Samhraidh na bliana seo in Inis, Contae an Chláir, cíorfaidh staraithe sóisialta, scríbhneoirí, eitnicheoleolaithe, síceolaithe, síciatraithe, iriseoirí agus léirmheastóirí téarmaí a bhaineann le tuiscintí dúchasacha ar an saol mothála agus bealaí le mothúchán a bheartú; mar a tháing síceolaíocht saolta chun cinn in Éirinn; máithreacha agus fíorú mothálach; an teaghlach agus mothúchán; inscne, gnéasacht agus mothúchán; anacair meabhrach, smacht sóisialta agus géibheann; féinléiriú, smachtúlacht agus diúltaithe; “an rud nach bhféadfaí a rá”, tráma agus conairí i dtreo téarnaimh tré urlabhra; mothúchán agus litríocht na heisimirce; tocht agus traidisiún na hamhránaíochta Gaeilge.

Díreoidh sraith seimineáir maidine i mBéarla ar “Reading Edna O’Brien”, agus sraith eile i nGaeilge ar ghnéithe den anam mothála i scríbhinní Ní Dhomhnaill, Uí Criomhthain, agus Mhic Grianna.

Beidh fáilte romhat!

An tOllamh Patricia Coughlan,
Stiúrthóir Scoil Samhraidh 2014 Chumann Merriman.

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd atá ag cabhrú le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2014:

Clár

Nóta: Ní gá clárú don Scoil ina hiomláine; is féidir táille a dhíol in aghaidh an tseisiúin.

Ionaid

Beidh imeachtaí go léir na Scoile, ach Club Merriman, ar siúl i nGlór i mbaile na hInse.

Oifig díolacháin ghlóir

  • Beidh ticéid i gcomhair ár gcuid imeachtaí go léir ar fáil ó oifig díolacháin Ghlóir (agus díreach ó Chumann Merriman féin, gan dabht) le linn na Scoile.
  • Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifig díolacháin ach glaoch a chur ar 00 353 65 684 3103 nó scéala a sheoladh go boxoffice@nullglor.ie.

Dé Céadaoin 13ú

17.00
Clárú.
20.00
Oscailt na Scoile.
20.30
Léacht: Emotion: Bringing it all to mind in 21st century Ireland leis an Ollamh Jim Lucey.
22.30
Club Merriman.
I dtithe tábhairne áitiúla

Déardaoin 14ú

10.00 Seimineár 1
“Trí anam an duine” agus filíocht Nuala Ní Dhomhnaill, le Rióna Ní Fhrighil.
11.00 Seminar 1
Reading Edna O’Brien 1, le Ellen Mc Williams.
12.15
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le William Wall.
15.00
Painéal.
The unsayable: the role of literature in mental health, le Carlo Gébler.
Emotional life in Irish vernacular culture, le Nuala Ní Dhomhnaill.
17.00
Fáiltiú do lucht freastail an Scoil Samhraidh.
Ceol le Jaskane Café Trio.
20.30
Painéal: Emotion in the Irish song tradition: narratives and performances.
Lillis Ó Laoire, Méadhbh Nic an Airchinnigh agus Deirdre Ní Chonghaile.
22.30
Club Merriman.

Dé hAoine 15ú

10.00 Seimineár 2
Fear cliste chun gach gnótha: Tuiscintí Thomáis Uí Chriomhthain air féin, ar a mhuintir agus ar nádúr an duine, le Deirdre Nic Mhathúna.
11.00 Seminar 2
Reading Edna O’Brien 2, le Ellen Mc Williams.
12.00
Cúirt an Mheán-Lae le Paula Meehan.
15.00
Painéal.
Young men, alcohol & emotion: a Wasted generation?, le Brian O’Connell.
The reconstructed masculine: problems of rage and empathy, le Theo Dorgan.
20.30
Painéal.
“There’s no way you would tell out those things”: exploring emotion in older Irish women’s accounts of sexual knowledge and experience, le Máire Leane.
“Divorce Irish Style”: voices of deserted wives and husbands in 20th-century Ireland, le Sarah Anne Buckley.
Gender and alcohol use: the shaping of young adults’ sexual scripts, le Pádraig Mac Neela.
22.30
Club Merriman.

Dé Sathairn 16ú

10.00 Seimineár 3
“You must have no picture of men before your eyes”: Seosamh Mac Grianna ag cosaint a anama, le Fionntán de Brún.
11.00 Seminar 3
Reading Edna O’Brien 3, le Ellen Mc Williams.
12.00
Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le Bernard O’Donoghue.
15.00
Painéal.
A vernacular psychotherapy? Trauma and fairy legend, leis an Ollamh Angela Bourke.
The institutionalisation of emotion and mental distress in Ireland, le Damien Brennan.
20.30
Painéal.
“Undressing My Mother”: rethinking Irish motherhood, le Moynagh Sullivan.
Irish men and emotion: an alternative history, le Paul Ryan.
Emotional life in Ireland: looking back and looking forward, with Patricia Coughlan.
22.30
Club Merriman.

Dé Domhnaigh 17ú

11.30
Scannán (an chéad taispeáint in Éirinn).
I Hear Fish Drowning, le Sarah Strong.
An scannán nua 21-nóiméad seo, comh-stiúrtha le John Hodge, á chur i láthair ag Sarah.
Leanfaidh seisiún ceisteanna is freagraí é seo.

Cainteoirí

Professor Angela Bourke
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Doctor Damien Brennan
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Doctor Sarah-Anne Buckley
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Professor Patricia Coughlan
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
An Dochtúir Fionntán de Brún
Léachtóir Sinsearach le Gaeilge, Ollscoil Uladh Fionntán, stiúrthóir an B. Eal. sa Ghaeilge, Campas Bhéal Feirste, agus ball de phainéal eagarthóirí ainm.ie agus de choiste Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain. Údar Seosamh Mac Grianna: an Mhéin Rúin, Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile; eagarthóir ar Belfast and the Irish Language, comheagarthóir Éigse Loch Lao 1 ┐ 2. Ar na hailt is déanaí uaidh tá “Temporality and Irish Revivalism: Past, Present and Becoming”, New Hibernia Review (2014).
Theo Dorgan
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Carlo Gébler
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Máire Leane
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Professor Jim Lucey
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Doctor Ellen Mc Williams
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Paula Meehan
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Doctor Deirdre Ní Chonghaile
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
An Dochtúir Rióna Ní Fhrighil
Is léachtóir le Gaeilge í Rióna in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is í údar an leabhair Briathra, Béithe agus Banfhilí: Filíocht Eavan Boland agus Nuala Ní Dhomhnaill (2008) agus eagarthóir an chnuasaigh aistí Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge (2010). Bhí sí ina comheagarthóir ar na cnuasaigh Aistriú Éireann (2008) agus Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga (2009). Tá sainspéis aici san fhilíocht chomhaimseartha agus i gcúrsaí critice, i gcúrsaí aistriúcháin agus sa teangeolaíocht fheidhmeach.
An Dochtúir Méadhbh Nic an Airchinnigh
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
An Dochtúir Deirdre Nic Mhathúna
Is léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, í Deirdre. Is iad na príomhréimsí taighde atá aici ná traidisiún na lámhscríbhinní, cultúr an chló, filíocht Phiarais Feiritéar agus scéalta beatha na Gaeilge. Tá sí ina ball de bhord eagarthóireachta Studia Hibernica, ina Rúnaí ar Chumann Merriman agus ina Cisteoir Idirnáisiúnta ar an gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS).
Doctor Lillis Ó Laoire
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Brian O’Connell
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Bernard O’Donoghue
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Doctor Paul Ryan
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Doctor Moynagh Sullivan
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
William Wall
Beathaisnéis Gaeilge le teacht.
Sarah Strong and John Hodge
Beathaisnéisí Gaeilge le teacht

Preaseisiúint

Dáta eisithe: Dé hAoine, 12na Mí Iúil 2013 (12:00 nóin)

An Scoil go hAchomair

Téama
Éire agus Ulaidh: ag dul a mbealach féin feasta?

Stiúrthóir
Andy Pollak
Dátaí
Dé Céadaoin 14ú go Dé Domhnaigh 18ú Mí Lúnasa 2013.
Ionad
Lios Dúin Bhearna, Contae an Chláir.

TOSACH

Mar is gnách tá suil go mbeidh ábhar machnaimh i Scoil na bliana agus meascán taitneamhach de léachtaí agus seimineáir, filíocht agus ceol. Déanfar grinn-inniúchadh ar pholaitíocht, ar shochaí agus ar chultúr sa dá chuid d’Éirinn le 15 bliana anuas ó Chomhaontú Aoine an Chéasta. Is é Andy Pollak ón Lárionad Staidéir Trasteorann in Ard Mhacha, Stiúrthóir na Scoil Samhraidh Merriman 2103.

I measc na gceisteanna a dtabharfaidh sraith de chainteoirí iomráiteacha ón dá dhlínse Éireannacha futhu, tá: An bhfuil an dá shochaí in Éirinn ag druidim níos gaire dá chéile go malltriallach mar a bhí i gceist i gComhaontú Aoine an Chéasta, nó an amhlaidh — mar a thuigfí ó theideal dúshlánach na Scoile samhraidh — go bhfuilid ag druidim óna chéile? An bhfuilid ag feidhmiú i dhá dhomhain difriúla: an Tuaisceart ag streachailt fós le seanfhadhbanna an tseicteachais agus na deighilte, an Deisceart gafa le fiacha agus le déine eacnamaíochta? Más amhlaidh atá, cad iad na himpleachtaí don dúil náisiúnaíoch san athaontú le toiliú na bpobal? An bhfuil bunáite na ndaoine Ó Dheas gur cuma leo anois faoin Tuaisceart, agus más fíor seo, cad iad na himpleachtaí don dá shochaí? An bhful ann anois do fhéinaitheantas Dheisceart Éireannach, go háirithe i measc an aosa óig, nach dtugann an Tuaisceart san áireamh? An bhfuil féinaitheantas Thuaisceart Éireannach ag teacht ar an bhfód de réir a chéile? Agus maidir leis an ghné idirnáisiúnta, cad iad na himpleachtaí do dhá chuid an oileáin dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach agus dá bhfanfadh Éire istigh? Cad iad impleachtaí na gluaiseachta i dtreo neamhspleáchais na hAlban d’oileán na hÉireann?

I measc na gcainteoirí tá Ceannaire Fhianna Fáil, Mícheál Ó Máirtín, iarcheannasaí Státseirbhís Thuaisceart Éireann Sir Ken Bloomfield, Marian Harkin TPE, Príomháidh Eaglais an hÉireann, an tArdeaspag Richard Clarke, teachta pairliminte pháirtí an Alliance d’Oirthear Bhéal Feirste Naomi Long, stiúrthóir Scoil Éacúiméinice na hÉireann Geraldine Smyth, agus na hiriseoirí Fintan O’Toole agus Dan O’Brien.

Ar na príomhimeachtaí cultúrtha i mbliana beidh seisiún tráthnóna filíochta leis an mBuaiteoir Nobel Seamus Heaney agus a chara agus a chomhfhile, Michael Longley; léamha ag meán lae leis na filí Gearóid Mac Lochlainn agus Leanne O’Sullivan; agus ceadal meán lae ar an gconsairtín le Jack Talty agus Cormac Ó Beaglaoich. Niall Ó Dochartaigh, Pól Ó Muirí, Póilín Ní Chiaráin, Cathal Goan agus Róise Ní Bhaoill a thabharfaidh na seimineáir Ghaeilge ar maidin. Agus mar is gnách, beidh ceol, amhráin agus rince ag Club Merriman sa tráthnóna.

Ní gá clárú roimhré do Scoil Merriman, a bhfuil cead freastail uirthi ag cách. Is féidir clárú don Scoil iomlán nó tá fáilte roimh fhreastal ar imeachtaí aonaracha. Moltar go láidir dóibh siúd a bhfuil ar intinn acu theacht ar feadh cupla lá socruithe lóistín a dhéanamh roimhré.

DEIREADH