Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint.
Mícheál Cíosóg agus a Ré
- Dátaí
- 19ú – 26ú Lúnasa 2006.
- Ionad
- Ionad an Spa Wells i Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir.
- Stiúrthóir
- An Dr. Michael Griffin, Ollscoil Luimnigh.
Fáilte go dtí an Scoil
Tugann an 39ú Scoil Samhraidh omós do Mhícheál Cíosóg, bunaitheoir Chumann Luthchleas Gael, ar ócáid chomórtha céad bliain a bháis. Tréimhse dian-athbheochana ab ea saol an Chláirínigh seo: athbheochan teanga, litríochta agus spóirt.
Le linn léachtaí agus seimineár, beidh aird á thabhairt ag cainteoirí ar théamaí a bhaineann le gairm Uí Chíosóig agus ar an timpeallacht chultúrtha agus oideachais as ar fuinneadh é. Déanfar cur i láthair ar bhaint Aontacht na Gaeilge, Irisleabhar na Gaeidhilge agus CLG le tionscadal an dí-Ghalldaithe.
Beidh plé ag an Scoil ar an tsaorántacht maidir le sochaí Éireannach na linne seo, agus ar stádas agus íomhá reatha na gcluichí Gaelacha. Déanfar plé ag léachtaí, leis, ar íomhá choitianta Uí Chíosóig i scríbhinní Liam P. Uí Chaithnia agus James Joyce. Tá sraith seimineár ar stair áitiúil an Chláir agus ar ghluaiseacht athbheochana na Gaeilge le linn Uí Chíosóig ar Chlár na Scoile, mar aon le léitheoireacht filíochta, ceardlanna seiteanna, ranganna Gaeilge agus Club Merriman.
Buíochas
Gabhann Cumann Merriman buíochas leo siúd a chabhraigh le heagrú is le maoiniú Scoil Samhraidh 2006:
- Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.
- Banc na hÉireann.
- Bernard agus Moira Mc Namara.
- Cumann Lúthchleas Gael.
- Comhairle Chontae an Chláir.
- Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta.
- Foras na Gaeilge.
- Coiste Scoil Mherriman, Lios Dúin Bhearna.
- Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
- Ollscoil Luimnigh.
Clár
Dé Sathairn 19ú
- 17.00
- Clárú in Ionad an Spa Wells.
- 19.00
- Fáiltiú.
- 20.00
- Oscailt na Scoile: Cusack and The GAA Today, le 40″>Mícheál Ó Muircheartaigh.
- 20.30
- Aitheasc: The Man from Carron, an Br. Seán Mc Namara.
- 22.30
- Club Merriman: Le banna céilí an Four Courts.
Dé Domhnaigh 20ú
- 11.45
- Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le Aifric Mac Aodha*.
- 12.30
- Seiteanna an Chláir agus Polcaí 1, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
- 17.30
- Léacht: Narratives of Hurling, le Daithí Ó hÓgáin.
- 20.30
- Léacht: Putting in a Good Word for the Citizen: Joyce, Race and Immigration, le Luke Gibbons.
- 22.30
- Club Merriman: Le banna céilí an Four Courts.
Dé Luain 21ú
- 10.00 Athbheochan na Gaeilge — Seimineáir as Gaeilge 1
- Athbheochan na Gaeilge i dTuamhumhain 1847–1911, le Róisín Ní Ghairbhí.
- Cathaoirleach na sraithe, Liam Ó Dochartaigh.
- 10.00 Clare Local History — Seimineáir as Béarla 1
- Sport and Recreation in Nineteenth-Century Clare, le Joe Power.
- Cathaoirleach na sraithe, Brian Ó Dálaigh.
- 10.00 Renew your Irish
- Renew your Irish 1, le Eoghan Ó hAnluain.
- 11.45
- Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta le John Mc Auliffe.
- 12.30
- Seiteanna an Chláir agus Polcaí 2, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
- 15.00
- Léacht: ‘What use are Camáns?’: James Joyce, Michael Cusack, and the Literary Revival, le Frank Shovlin.
- 20.30
- Léacht: Respectibility, English and Football: What Br. Ó Caithnia found out that we didn’t know, le Alan Titley.
- 22.30
- Club Merriman: Le banna céilí an Four Courts.
Dé Máirt 22ú
- 10.00 Athbheochan na Gaeilge — Seimineáir as Gaeilge 2
- Micheál Cíosóg agus Gluaiseacht na Gaeilge sna 1880aidí, le Máirtín Ó Murchú.
- Cathaoirleach na sraithe, Liam Ó Dochartaigh.
- 10.00 Clare Local History — Seimineáir as Béarla 2
- The Ranch War around Carron 1904–26, le Breandán Ó Cathaoir.
- Cathaoirleach na sraithe, Brian Ó Dálaigh.
- 10.00 Renew your Irish
- Renew your Irish 2, le Eoghan Ó hAnluain.
- 11.45
- Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta with Bernard O’Donoghue.
- 12.30
- Seiteanna an Chláir agus Polcaí 3, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
- 15.00
- Léacht: Beyond the ‘Hidden Ireland’: The Munster Women Writers Project, le Tina O’Toole. (Cathaoirleach, Patricia Coughlan)
- 20.30
- Léacht: The Class of the Ash: Michael Cusack, the GAA and Cultural Nationalism, le Kevin Whelan.
- 22.30
- Club Merriman: Le banna céilí an Four Courts.
Dé Céadaoin 23ú
- 10.00
- Turas ar an gCarn, láthair theach Uí Chíosóig agus ar an mBoireann.
- Brendan Dunford & Kevin Whelan faoi chúrsaí talmhaíochta agus faoi thíreolas cultúrtha na Bóirne.
- 20.30
- Cur i láthair drámatúil: Mír Cyclops in Ulysses le James Joyce leis an Balloonitics Theatre Company.
- 22.30
- Club Merriman: Le banna céilí an Four Courts.
Déardaoin 24ú
- 10.00 Athbheochan na Gaeilge — Seimineáir as Gaeilge 3
- Cogadh na gCanúintí le linn na hAthbheochana, le Brian Ó Conchubhair.
- Cathaoirleach na sraithe, Liam Ó Dochartaigh.
- 10.00 Clare Local History — Seimineáir as Béarla 3
- The Clare Fenians in Context, le Mathúin Mac Fheorais.
- Cathaoirleach na sraithe, Brian Ó Dálaigh.
- 10.00 Renew your Irish
- Renew your Irish 3, le Eoghan Ó hAnluain.
- 11.45
- Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta with Biddy Jenkinson*.
- 12.30
- Seiteanna an Chláir agus Polcaí 3, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
- 15.00
- Léacht: Who are we now? Globalisation, Language and Media in Ireland, le Niamh Hourigan.
- 20.30
- Léacht: Remembering Michael Cusack: Legacy and Commemoration, le Daniel Mc Carthy.
- Cathaoirleach, Seán Kelly.
- 22.30
- Club Merriman: Le banna céilí an Four Courts.
Dé hAoine 25ú
- 10.00 Athbheochan na Gaeilge — Seimineáir as Gaeilge 4
- De hlde agus Athbheochan na Gaeilge, le Brian Ó Conchubhair.
- Cathaoirleach na sraithe, Liam Ó Dochartaigh.
- 10.00 Clare Local History — Seimineáir as Béarla 4
- Clare’s Disappearing Vernacular Architecture, le Fidelma Mullane.
- Cathaoirleach na sraithe, Brian Ó Dálaigh.
- 10.00 Renew your Irish
- Renew your Irish 4, le Eoghan Ó hAnluain.
- 11.45
- Cúirt an Mheán-Lae: Léamh filíochta with Tadhg Mac Dhonnagáin.
- 12.30
- Seiteanna an Chláir agus Polcaí 4, le Johnny Morrissey & Betty Mc Coy.
- 15.00
- Léacht: Seeing through Counties: The Gaelic Athletic Association and Ireland, le Patrick J. O’Connor.
- 20.30
- Siompóisiam. (Cathaoirleach, Barry O’Brien)
- Cusack’s Invasions of Ulster, le Dónal Mc Anallen.
- Garrison Games and the GAA, le Neal Garnham.
- 22.30
- Club Merriman: Le banna céilí an Four Courts.
Dé Sathairn 26ú
- 10.30
- Léacht: ‘Irish-Ireland’: Self-delusion, then and now, le John. A. Murphy. (Cathaoirleach, Bob Collins)
Nóta* Is i nGaeilge amháin a bheidh léamh na gcúirteanna seo.
Cainteoirí
- Bob Collins
- Príomh-Choimisinéir Choimisiúin Cothromaíochta Thuaisceart Éireann ó mhí Lúnasa 2005. Iar-Ard-Cheannasaí RTÉ. Stiúraigh sé dhá Scoil Samhraidh i dtús an n-ochtaidí agus Scoil Samhraidh an dá chéad i 2005.
- Patricia Coughlan
- Ollamh le Béarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá na leabhair Spenser and Ireland (eagarthóir) agus Modernism and Ireland: the Poets of the 1930s (comheagarthóir i dteannta Alex Davis) ar chuid dá cuid saothair.
- Brendan Dunford
- Comhbhunaitheoir Burrenbeo. ‘Farming for Conservation in the Burren’, tionscadal LIFE atá á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach, á riaradh aige faoi láthair.
- Neal Garnham
- Léachtóir sinsearch sa Stair in Ollscoil Uladh. Bíonn sé i mbun taighde agus ag múineadh i réimsí an spóirt agus na coiriúlachta in Éirinn. Údar Association Football and Society in Pre-partition Ireland (Béal Feirste, 2004).
- Luke Gibbons
- Ollamh Mhuintir Keough sa Léann Éireannach, Ollscoil Notre Dame. Saothair a tháinig uaidh le déanaí: Gaelic Gothic: Race, Colonialism and Irish Culture (2004); Edmund Burke and Ireland: Aesthetics, Politics and the Colonial Sublime 1750–1850 (2003). Eagarthóir The Field Day Anthology of Irish Writing. Iarbhall de Bhord Iontaobhaithe an International James Joyce Foundation.
- Michael Griffin
- As baile na Sionainne do Mhichael. Múineann sé Léann an Bhéarla in Ollscoil Luimnigh. Céimí de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Oxford. Mhúin sé in Ollscoil Dheisceart Illinois agus in Ollscoil Notre Dame sular fhill sé ar Luimneach sa bhliain 2003. Tá go leor ábhair foilsithe aige faoi scríbhneoireacht Éireannach sa Bhéarla san ochtó aois déag.
- Niamh Hourigan
- Scríbhneoir agus acadóir lonnaithe i Roinn na Socheolaíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tugadh ard-mholadh go hidirnáisiúnta don saothar is déanaí uaithi: Escaping the Global Village: Media, Language and Protest (2003, 2004) Rannpháirtí rialta sna meáin chlóite agus chraolta, Questions and Answers ina measc.
- Biddy Jenkinson
- Scríbhneoir a théann i mbun pinn ar mhaithe le taitneamh, agus súil aici nach spreagfaidh sí domheanmna, eagla, crá ná pian i gcroí léitheora. D’fhoilsigh Coiscéim Oíche Bhealtaine an saothar is déanaí dá cuid anuraidh. Tá sí ag ullmhú cnuasach scéalta bleachtaireachta faoi láthair agus ‘sé Pádraig Ua Duinnín an laoch.
- Seán Kelly
- Bhí Seán ina Uachtarán ar CLG ó 2003 go 2006. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil na mBráithre, Trá Lí; i gColáiste Bhreanainn, Cill Áirne; i gColáiste Phádhraig, Droim Conrach agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is múinteoir é ó na 1970aidí i leith. Is é atá freagrach as go leor leasuithe sa Chumann, athruithe ar rialacha agus comórtais Choirn Christy Ring agus Nicky Rackard go háirithe. Is le linn a thréimhse mar Uachtarán a ceadaíodh sacar agus rugbaí a imirt i bPáirc an Chrócaigh.
- Aifric Mac Aodha
- Tá Aifric ag obair ar a céad chnuasach filíochta faoi láthair. Tá dánta dá cuid i gcló in irisí go leor, Poetry Ireland, Innti agus Bliainiris ina measc. Is iomaí duais atá gnóthaithe aici as a cuid filíochta agus bronnadh sparántacht de chuid na Comhairle Ealaíon uirthi le déanaí.
- Tadhg Mac Dhonnagáin
- Ceoltóir agus scríbhneoir cruthaitheach atá lonnaithe sa Spidéal i gConamara é Tadhg. Is iarmhúinteoir bunscoile é. Láithreoir raidió agus teilifíse a bhí ann ar RTÉ go dtí an bhliain 2000. Bunathóir Fhuta Fata. Roinneann sé a chuid ama anois idir chumadóireacht ceoil, léiriúchán agus foilsiúchán, cruthú drámaí teilifíse agus scriptscríbhneoireacht. Tá a dhráma grinn Aifric, sraith trí mhír déag do dhaoine óga á thaifeadadh i gConamara an samhradh seo.
- Mathúin Mac Fheorais
- As Cill Rois, Co. An Chláir do Mhathúin. Oileadh mar bhunmhúineoir é i gColáiste Phádraig, Droim Conrach agus is iar-chigire bunscoileanna é. Tá go leor aistí foilsithe aige ar stair an Chláir agus ar stair CLG. Tá leabhar The Clare Fenians in Context á ullmhú aige faoi láthair.
- John Mc Auliffe
- Is as Lios Tuathail, Co. Chiarraí do John. Cuireadh a chéad leabhar A Better Life (Gallery) ar an ngearrliosta do Dhuais Forward don chéad chnuasach is fearr in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2003. Múineann sé scríbhneoireacht chruthaitheach in Ollscoil Mhanchuinn agus stiúrann sé an fhéile filíochta Poetry Now i nDún Laoghaire.
- Dónal Mc Anallen
- Tá riar altanna staire foilsithe ag Dónal agus thug sé an léacht Sabbatarianism and the GAA in Ulster, ag an gcomhdháil thionscnaimh ar Stair Spóirt in Éirinn in 2005. D’oibrigh sé mar shaor-iriseoir sna meáin chlóite agus chraolta. Iar-eagarthóir na h-irise High Ball. Is é rúnaí reatha Chomhairle Ardoideachais CLG é.
- Daniel Mc Carthy
- Stiúrthóir bainistíochta Boru Cultural Enterprises, seirbhís chomhairleach maidir le pleanáil agus forbairt taispeántas stairiúil. Údar Ireland’s Banner County agus The Book of Clare. Caibidil scríofa aige ar Citizen Cusack and Clare’s Gaelic Games don leabhar Clare History & Society, atá le foilsiú ag Geography Publications.
- Betty Mc Coy
- Múinteoir rince fad-bhunaithe is ea Betty, a bhfuil ról lárnach aici in athbheochan agus i spreagadh rince seite.
- An Br. Seán Mc Namara
- Údar The Man from Carron, suirbhé ar shaol Mhíchíl Chíosóig. Iar-mhúinteoir i Scoil na mBráithre in Inis. Neart léachtaí tugtha aige ar Mhícheál Cíosóg.
- Johnny Morrissey
- Máistir damhsa. An-aithne air mar mhúinteoir damhsa, mar dhamhsóir agus mar cheoltóir consairtín.
- Fidelma Mullane
- Tíreolaí as Contae an Chláir. MA aici ar ailtireacht dhúchasach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Oileadh mar phleanálaí í in Ollscoil Sorbonne, Páras. Í ag obair mar speisialtóir agus mar chomhairleoir caomhnaithe ar an ailtireacht dhúchais. Ball de Bhord Fhéile Ealaíne na Gaillimhe.
- John A. Murphy
- Ollamh Emeritus ar Stair na hÉireann in Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Seanadóir neamhspleach i Seanad Éireann, 1977 go 1983, agus 1987 go 1992. Tá Ireland in the 20th Century agus The College ar chuid dá chuid foilsiúcháin. Bronnadh festschrift air le déanaí, History and the Public Sphere: Essays in honour of John A. Murphy.
- Róisín Ní Ghairbhí
- As Rath Caola, Contae Luimnigh ó dhúchas. Ph.D bainte amach aici in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar na scríbhneoirí dátheangacha Michael Hartnett agus Eoghan Ó Tuairisc. Mhúin sí i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Luimnigh. Í i mbun taighde ar Phádraig Mac Piarais maraon le hathbheochan na Gaeilge i gContae Luimnigh faoi láthair.
- Máire Ní Neachtain
- Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Iar-chathaoirleach ar Chumann Merriman. Stiúraigh Scoil Samhraidh 1999.
- Brian Ó Conchubhair
- Ollamh cúnta sa Roinn nua Teanga agus Litríocht na Gaeilge agus Comhalta d’Institiúid Keough, Ollscoil Notre Dame.Mhúin sé san Ollscoil Chaitliceach i Lubeliski sa Pholainn agus i mBoston College. Tá spéis thaighde aige in athbheochan litríochta na Gaeilge, scríbhneoirí an 19ú agus an 20ú aois agus an Ghaeilge i Meiriceá.
- Brendán Ó Cathaoir
- Staraí agus iriseoir a bhfuil dúchas láidir cláiríneach ann .Bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann céim D.Litt air sa bhliain 2004 ar a shaothar foilsithe: beathaisnéis John Blake Dillon agus Famine Diary — bunaithe ar a cholún san Irish Times, san áireamh.
- Brian Ó Dálaigh
- Staraí as Contae an Chláir. Tá: Ennis in the Eighteenth Century (1995) agus aistí ar Mherriman i County Clare Studies (2000) ar chuid dá shaothar. Chuir sé Corporation Book of Ennis (1990); The Strangers Gaze: Travels in County Clare: 1534–1950 in eagar agus rinne sé comheagarthóireacht ar Irish Townlands (1998) agus Irish Villages (2003).
- Liam Ó Dochartaigh
- Cathaoirleach reatha Chumann Merriman. Stiúrthóir ar an Oideachas Idirnáisiúnta in Ollscoil Luimnigh.Stiúrthóir ar Scoileanna Geimhridh Chumann Merriman, ó 1998 go 2006.
- Eoghan Ó hAnluain
- Léachtóir sinsearach le Gaeilge sa Cholásite Ollscoile, Baile Átha Cliath go dtí go ndeachaigh sé ar scor. Stiúraigh sé 24 Scoil Gheimhridh. Bhí sé ina Rúnaí ar an gCumann sna blianta tosaigh agus ina Chathaoirleach ó 1992 go 97.
- Pádraig Ó hIrghile
- Is iomaí aireacht rialtais a bhí faoina chúram sular ceapadh mar Choimisinéir Eorpach ar Ghnóthaí Sóisialta é sa bhlian 1973. Uachtarán na hÉireann idir 1976 agus 1990. Tá nasc aige le Cumann Merriman ón gcéad Scoil Samhraidh in 1968. É ina éarlamh ar an gCumann ó 1976, nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar na hUachtaráin Éamon de Valera agus Cearbhall Ó Dálaigh.
- Daithí Ó hÓgáin
- Comhollamh sa Bhéaloideas sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. De bhunadh Bhrú na nDéise i gContae Luimnigh ach cónaí air i mBré le blianta fada. Duine de phríomhscoláirí an bhéaloidis in Éirinn é agus údar os cionn dhá scór leabhar: leabhair anailíse ar an mbéaloideas, ar litríocht agus ar stair, seacht gcnuasach filíochta agus trí chnuasach gearrscéalta. ‘Sé The Lore of Ireland, ciclipéid ar scéalaíocht dhúchasach na hÉireann an saothar is déanaí uaidh (2006).
- Máirtín Ó Murchú
- Léachtóir sinsearach in Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath; tá East Perthshire Gaelic (1989) agus Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge (2001) ar chuid de na leabhair a d’fhoilsigh sé.
- Barry O’Brien
- Oileadh mar oifigeach airm é agus is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann,Gaillimh é. D’oibrigh mar Cheann ar Chothú agus ar Chaidreamh Tionscail san CNCO maidir le forbairt an chorais ardoideachais. Iarbhall den CAO. Spéis ghníomhach aige i réim leathan spóirt, rugbaí, sacar agus cluichí gaelacha go háirithe.
- Patrick J. O’Connor
- Tíreolaí daonna in Ollscoil Luimnigh. Údar ceithre leabhar déag, ceithre chnuasach filíochta, an duais-leabhar Exploring Limerick’s Past agus People Make Places ina measc.
- Bernard O’Donoghue
- Comhalta sa Bhéarla i gColáiste Wadham, Oxford. Tá cúig mhórchnuasach filíochta scríofa aige: Poaching Rights (1987), The Weakness (1991), agus Gunpowder (1995) a bhuaigh duais filíochta Whitbread, Here Nor There (1999) agus Outliving (2003) agus tá saothar dá chuid in iliomad eagrán den Anthology of Oxford Poetry.
- Tina O’Toole
- Léachtóir le Béarla in Ollscoil Luimnigh. Is í a chnuasaigh agus a chuir eagar ar The Dictionary of Munster Women Writers 1800–2000 (2005), agus is í comhúdar Documenting Irish Feminisms (2005) in éindí le Linda Connolly.
- Joe Power
- Múinteoir staire agus tíreolaíochta i bPobalscoil Chill Rois. Riar leabhar scríofa aige: The GAA in Clarecastle (1987) agus A History of Clare Castle and its environs (2004) ina measc. Chuir sé eagar ar An Ennis Miscellany (1990) agus d’fhoilsigh go leor altanna in irisí staire áitiúla mar The Other Clare agus Dal gCais.
- Frank Shovlin
- Bíonn Frank ag teagasc san Institiúid don Léann Éireannach in Ollscoil Learpholl. D’fhoilsigh The Irish Literary Periodical 1923–1958 (2003). Ábhar aige san History of the Irish Book, oll-leabhar atá le teacht ó Oxford. Tá gearrscéalta foilsithe aige leis. É i mbun taighde ar leabhar faoi James Joyce agus an tAthbheochan Liteartha faoi láthair.
- Alan Titley
- Scoláire, colúnaí leis an Irish Times, úrscéalaí, gearrscéalaí, staraí litríochta, dramadóir. Is mó duais scríbhneoireachta buaite aige, is léiriú é Amach, 2004, scéal do dhéagóirí a bhain duais Bisto amach in 2004, ar a ilghnéitheacht. Ceapadh ina Ollamh le Nua-Ghaeilge é i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le déanaí.
- Kevin Whelan
- Stiúrthóir Michael J. Smurfit ar Ionad Keough-Naughton de chuid Notre Dame i mBaile Átha Cliath é. Tá cúig leabhar déag agus suas le céad alt foilsithe aige. Tá The Tree of Liberty (1996), Atlas of the Irish Rural Landscape (1997) a bhain an iliomad duais amach, agus 1798: A bicentenary perspective (2003) ar chuid dá shaothar.
- Balloonatics Theatre Company
- Bhunaigh mic léinn as Ollscoil Cambridge an Balloonatics Theatre Company do cheiliúradh céad bliain James Joyce in 1982. Tá dhá dhuais “fringe” buaite acu ag Féile Ealaíne Dhún Éidean. Is scéal grágach faoi ól agus faoi chlaontuairmíocht suite i dteach ósta i mBaile Átha Cliath atá sa leagan seo de Cyclops. Tugadh ar ais é do cheiliúradh céad bliain Bloomsday i mBaile Atha Cliath sa bhliain 2004, tráth ar tugadh ardmholadh dó. Athchruthú fíor-ghreannmhar ar chontráracht cháiliúil Joyce le násiúnachas, coilíneachas, iltíreachas agus ól atá sa gcur i láthair a dhéanann na haisteoirí oilte seo.
- Micheál Ó Muircheartaigh
- Rugadh Micheál,
Glór na gcluichí gaelacha
, i nDún Síon, in aice Daingean Uí Chúis, Contae Chiarraí. Chuaigh sé le craoltóireacht an chéad lá nuar a bhuaigh sé comórtas tráchtaireachta as Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh i 1949. Chuigh sé leis an ngairm sin go lánaimseartha i 1982 nuair a ceapadh é mar chomhfhreagraí spóirt agus cúrsaí reatha le Raidió na Gaeltachta. Bíonn sé le clos go rialta ar RTÉ Radio 1.
Preaseisiúint
19ú – 26ú Lúnasa 2006.
Dáta Éisithe
- Le scaipeadh
- 12.00
- 24ú Mí Iúil 2006
nbsp;hAnluain.dddd: Léamh filíochta with Biddy Jenkinson*.#8216;Irish-Ireland 1750: Léamh filíochta with Biddy Jenkinson*.#8216;Irish-Ireland 1750/dd
Fógraíodh sonraí faoi Scoil Samhraidh Chumann Merriman 2006 i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath, agus in Inis, Co. an Chláir, ar an Luan 24ú agus an Mháirt 25ú Iúil faoi seach
TOSACH
Reachtáilfear Scoil Samhraidh Merriman na bliana seo i Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir ó Shatharn go Satharn, an 19ú go dtí an 26ú Lúnasa. Is é an Dr. Michael Griffin, Léachtóir le Béarla in Ollscoil Luimnigh, Stiúrthóir na Scoile.
Is é Mícheál Ó Muircheartaigh, an craoltóir iomráiteach ar chluichí Gaelacha, a osclóidh Scoil Samhraidh 2006 tráthnóna an tSathairn, 19 Lúnasa.
Micheál Cíosóg — a Chéim, a Réim, an tAm do Mhair téama na Scoile i mbliana; déanfar comóradh sa Scoil seo ar chéad bliain ó bhás bhunaitheoir CLG. Ba tréimhse corraitheach athbheochana in Éirinn saolré an Chláirínigh chéimiúil seo mar le cúrsaí teanga, litríochta agus spóirt. Pléifear téamaí sna léachtaí agus sna seimineáir a bhaineann le:
- Saol an Chíosógaigh agus an cúlra cultúrtha, polaitiúil agus oideachais as ar eascair sé.
- Rólanna Aontacht an Gaeilge, Irisleabhar na Gaeilge agus Chumann Lúthchleas Gael i mbeartas an dí-shacsanaithe.
- Ceisteanna saorántachta agus aitheantais in Éirinn an linne seo chomh maith le stadas reatha agus íomhá na gcluichí gaelacha.
- An íomhá den Chíosógach faoi mar a léirítear i saothar Liam P. Uí Chaithnia agus James Joyce.
Beidh na gnáthsheisiúin ar stair áitiúil an Chláir, ar stair na Gaeilge i dtús ré na hAtbheochana, chomh maith le léamha filíochta (‘Cúirt an Mheán Lae’), ann chuile lá. Mar is gnách beidh na seisiúin ‘Renew your Irish’ ann, agus ranganna rince seite leis na Máistrí Rince, Betty Mc Coy agus Johnny Morrissey, agus seisiúin amhránaíochta, gan trácht ar Chlub Merriman gach oíche go maidin. Beidh turas timpeall na Boirne agus go dtí an Carn ann chomh maith, ceantar dúchais Mhicheáil Cíosóig, mar a bpléifear gnéithe de thíreolaíocht dhaonna agus chultúrtha na timpeallachta as ar eascair sé.
Imeacht neamhghnách i mbliana is ea an léiriú drámatúil le complacht drámaíochta Balloonatics de mhír Cyclops as Ulysses an tSeoighigh, ina bhfuil athchruthu bhríomhar fhicseanúil de thráthnóna súgach sáraíochta i dteach tábhairne sa phríomhchathair sa mbliain 1904.
I measc na rannpháirtithe i Scoil Samhraidh 2006, beidh:
- Bob Collins
- Patricia Coughlan
- Brendan Dunford
- Neal Garnham
- Luke Gibbons
- Niamh Hourigan
- Biddy Jenkinson
- Seán Kelly
- Aifric Mac Aodha
- Tadhg Mac Dhonnagáin
- Mathúin Mac Fheorais
- John Mc Auliffe
- Dónal Mc Anallen
- Daniel Mc Carthy
- an Br. Seán Mc Namara
- Fildelma Mullane
- John A. Murphy
- Róisín Ní Ghairbhí
- Brian Ó Conchubhair
- Breandán Ó Cathaoir
- Brian Ó Dálaigh
- Eoghan Ó hAnluain
- Dáithí Ó hÓgáin
- Máirtín Ó Murchú
- Barry O’Brien
- Patrick J. O’Connor
- Bernard O’Donoghue
- Tina O’Toole
- Joe Power
- Frank Shovlin
- Alan Titley
- Kevin Whelan
DEIREADH