Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2013

Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.

An Cultúr Dúchais — ó thinteáin go hilmheáin

Dátaí
1 – 3 Mí feabhra 2013.
Téama
An Cultúr Dúchais — ó thinteáin go hilmheáin.
Stiúrthóirí
Máire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire gan Smál.
Liam Ó Dochartaigh.
Ionad
Óstán Westport, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.

Scoláireachtaí

Tá Scoláireachtaí ar fáil le freastail ar an Scoil seo. Mic léinn atá i mbun staidéir go lánaimseartha ar an nGaeilge atá i dteideal cur isteach orthu.

Forbhreithniú ar an Scoil

Bunaíodh An Cumann le Béaloideas Éireann i 1927 agus Coimisiún Béaloideasa Éireann i 1935. D’aistrigh cnuasach agus foireann an Choimisiúin go Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath i 1971 (Cnuasach Bhéaloideas Éireann anois) tráth ar bunaíodh Roinn Bhéaloideas Éireann i mBelfield.

Is cuí go mbeadh an cultúr dúchais agus an béaloideas go speisialta mar théama ag an Scoil Gheimhridh i mbliana, tharla comóradh á dhéanamh i 2013 ar chéad bliain ó rugadh beirt de na gaiscígh a chaith dúthracht saoil le bailiú, le caomhnú, le léirmhíniú agus le foilsiú na hoidhreachta, Seán Ó hEochaidh agus Caoimhín Ó Danachair. D’éagadar beirt i 2002. Tá a ionad féin ag Contae Mhaigh Eo sa scéal seo freisin: ní heol do mhórán go bhfuil 35,000 leathanach d’ábhar as an gcontae seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, líon is mó ná Ciarraí (32,000 lgh) agus gar go maith do chnuasach na Gaillimhe (37,000).

Buíochas

Gabhann Cumann Merriman buíochas ó chroí leo seo a leanas as ucht a gcuid tacaíochta agus a gcuid urraíochta ar an Scoil Gheimhridh seo:

An coiste áitiúil

  • Úna Uí Chuinn (Cathaoirleach)
  • Máire Uí Néill
  • Proinsias Ó hAodha
  • Éamonn Ó Gionnáin

Clár

Ionaid

Is in Óstán Westport a bheidh imeachtaí go léir na scoile, ach amháin an chuairt ar Mhúsaem Shaol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, agus seoladh Shealbhú an Traidisiúin, a bheidh ar siúl le sa Mhúsaem.

Dé hAoine 1 Feabhra

5.30 Clárú
Óstán Westport, Cathair na Mart
7.15 Fáiltiú
Fáilte go dtí an Scoil.
8.15 Oscailt na Scoile
An tOllamh Séamas Ó Catháin; ollamh emeritus le Béaloideas Éireann Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
8.30 Léacht
Cé a cheannódh dán? An béaloideas inniu.
An Dr Pádraig Ó Héalaí; Léachtóir Sinsearach emeritus le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Cathaoirleach: Liam Ó Dochartaigh.
10.30 Club Merriman
Ceol le Gráinne Mhaol.
Fear a’ Tí: Máirtín Mac Donnchadha.

Dé Sathairn 2 Feabhra

10.30 Siompóisiam
An cultúr dúchais ar líne.
Micheál Ó Lochlainn, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus
An Dr Lillis Ó Laoire, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh:
Saibhreas Joe Éinniú i riocht láithreán ghréasáin.
An Dr Deirdre Ní Chonghaile, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh:
Amhráin Arann-Aran Songs: aisdúichiú, aiséirí agus ardáin úra.
Nioclás Ó Cearbhalláin; Stiúrthóir, Taisce Cheol Dúchais Éireann:
Taisce Cheol Dúchais Éireann: an saol ar líne.
Cathaoirleach: Máire Ní Neachtain.
12.15 Seoladh leabhar
Eoghan Ó hAnluain — Creidim fós agus aistí eile, Éilís Ní Anluain (eagarthóir). Leabhair Comhar.
Titim agus Éirí, le Diarmuid Breathnach. Cló Iar-Chonnacht.
Cainteoir: An Dr Caoimhín Mac Giolla Léith.
1.45 Turas
Cuairt ar Mhúsaem Shaol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh.
Cuirfear bus ar fáil ó Óstán Westport ar 1.45 le daoine a thabhairt ó Chathair na Mart go Páirc Thurlaigh, mar a bhfuil Músaem Shaol na Tuaithe; turas 16 míle/25km ar an N5. Beidh costas Eur10.00 an duine ar an mbus.
Beidh baill foirne ullamh sa Mhúsaem le turais faoi threoir a riaradh (c. 45 noím). Déanfar seo ar 2.00 agus 3.30.
2.45 Seoladh leabhair
Sealbhú an Traidisiúin le Meidhbhín Ní Úrdail, Niamh Ní Shiadhail agus Ríonach uí Ógáin. Comhairle Bhéaloideas Éireann.
I bhForhalla na nGailearaithe, Músaem Shaol na Tuaithe. Le críochnú tímpeal 3.30.
8.30 Painéal
An Dr Éilís Ní Dhuibhne Almqvist; scoláire, údar, léachtóir:
Fiach na Samhlaíochta: an Béaloideas mar Ealaín Shaoil.
An Dr Stiofán Ó Cadhla, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh:
Fiach na Samhlaíochta: an Béaloideas mar Ealaín Shaoil.
Cathaoirlach: An Dr Deirdre Nic Mhathúna.
11.30 Club Merriman
Ceol le Gráinne Mhaol.
Fear a’ Tí: Máirtín Mac Donnchadha.

Dé Domhnaigh 3 Feabhra

11.00 Clabhsúr na Scoile
‘Ag tarraingt ón tobar le buicéad plaisteach’.
Le Tadhg Mac Dhonnagáin

Cainteoirí

Diarmuid Breathnach
Le teacht.
Tadhg Mac Dhonnagáin
Le teacht.
Máirtín Mac Donnchadha
Le teacht.
An Dr Caoimhín Mac Giolla Léith
Le teacht.
Micheál Mac Lochlainn
Le teacht.
An Dr Deirdre Nic Mhathúna
Is léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, í an Dr Deirdre Nic Mhathúna. Is iad na sainréimsí taighde atá aici ná filíocht na seachtú haoise déag, léamh lámhscríbhinní agus eagarthóireacht ar théacsanna iarchlasaiceacha. Tá spéis mhór aici i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i dtraidisiúin bhéil agus scríofa an cheantair. Tá sí ina Rúnaí ar Chumann Merriman agus ina Cisteoir ar Studia Hibernica.
An Dr Pádraig Ó Héalaí
Le teacht.
An Dr Lillis Ó Laoire
Le teacht.
Éilís Ní Anluain
Le teacht.
An Dr Deirdre Ní Chonghaile
Le teacht.
An Dr Éilís Ní Dhuibhne Almqvist
Le teacht.
Máire Ní Neachtain
Ceann Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh í Máire. Is í an tsochtheangeolaíocht a príomhréimse taighde. Tá spéis ar leith aici i ndrámaíocht na Gaeilge agus sna healaíona dúchasacha. Chaith sí trí bliana mar Chathaoirleach ar Chumann Merriman agus is í atá ina Leaschathaoirleach faoi láthair. Ba í a stiúraigh Scoil Gheimhridh 2010 (Ceiliúradh na ndeartháireacha: Ciarán agus Brian Ó Nualláin) agus Scoil Samhraidh 1999 (‘Sing till I know you’: Song and singing in popular culture).
Niamh Ní Shiadhail
Le teacht.
Meidhbhín Ní Úrdail
Le teacht.
An Dr Deirdre Nic Mhathúna
Is léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, í an Dr Deirdre Nic Mhathúna. Is iad na sainréimsí taighde atá aici ná filíocht na seachtú haoise déag, léamh lámhscríbhinní agus eagarthóireacht ar théacsanna iarchlasaiceacha. Tá spéis mhór aici i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i dtraidisiúin bhéil agus scríofa an cheantair. Tá sí ina Rúnaí ar Chumann Merriman agus ina Cisteoir ar Studia Hibernica.
An Dr Stiofán Ó Cadhla
Le teacht.
An tOllamh Séamas Ó Catháin
Le teacht.
Liam Ó Dochartaigh
Is é Liam cathaoirleach reatha Chumann Merriman agus ba mhinic é mar Stiúrthóir ar an Scoil Gheimhridh. Is é a stiúraigh Scoil Samhraidh 2009 (An fada uainn fós Tír Tairngire?). Anois ar scor óna phost mar Stiúrthóir ar an Oideachas Idirnáisiúnta in Ollscolil Luimnigh. Bhí Liam i láthair ag an gcéad Scoil riamh de chuid Chumann Merriman agus tá baint aige leis an gCumann ó shin i leith. Tá an-spreagadh á thabhairt aige faoi láthair don bhfoireann sa tSeapáin atá i mbun leagan Seapánaise de Chúirt an Mheán Oíche a ullmhú.
Ríonach uí Ógain
Le teacht.

Preaseisiúint i nGaeilge

TOSACH

Tionólfar 45ú Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Óstán Westport, Cathair na Mart, an deireadh seachtaine 1 go 3 Feabhra. Téama na bliana seo: ‘An Cultúr Dúchair — ó thinteáin go hilmheáin’ agus is iad Máire Ní Neachtain (Ceann Roinne na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach) agus Liam Ó Dochartaigh (Cathaoirleach Chumann Merriman) stiúrthóirí na Scoile.

Is dóigh leis an lucht eagraithe go mbaineann an téama i mbliana le hábhar ar mhórán slite in Éirinn an lae inniu. Dar linn féin, tír agus pobal muid ar mór agus ar luachmhar againn an talmhaíocht ‘ghlas’ agus caomhnú na timpeallachta. Mórán mar an gcéanna, meastar coitianta go bhfuil cultúr dúchais an-saibhir againn in Éirinn atá caomhnaithe, nó á chaomhnú, do na glúnta atá le teacht. Níl aon amhras ná gur éirigh thar barr linn dhá ghné den chultúr dúchais a thabhairt slán isteach sa nua-aois, na cluichí gaelacha agus an ceol agus an rinnce gaelach, ach tá gnéithe eile den traidisiún béaloidis nár éirigh baileach chomh maith linn leo.

Tá an saol athraithe go mór, saol na tuaithe go speisialta, agus fágann seo go bhfuil dúshláin faoi leith ag baint leis in gcultúr dúchais a chur i láthair san oideachas, sna meáin, sna hinstitiúidí cultúrtha, i réimse na hoidhreachta i gcoitinne nó fiú i ngnáthshaol laethúil na muintire. Gné thábhachtach i dtairgí turasóireachta é an cultúr dúchais chomh maith. Ceist atá le cur agus le plé: cé na slite a ndéanfar an cultúr dúchais a chur i láthair nó fiú teacht air in Éirinn nua seo an athrú saoil, nó an mbaineann sé le hábhar beag ná mór? Céard tá i ndán do na healaíona béil amach anseo?

I measc na gcainteoirí ag Scoil Gheimhridh 2013, beidh údair iomráiteacha i réimsé an bhéaloidis agus an chultúr dúchais: an tOllamh emeritus Séamas Ó Catháin (COBÁC),fear a bhfuil aithne mhaith air i gContae Mhaigh Eo, an Dr Pádraig Ó Héalaí (OÉ Gaillimh), an Dr Lillis Ó Laoire (OÉ Gailimh), Nicholas Carolan (Taisce Cheol Dúchais Éireann), an Dr Stiofán Ó Cadhla (CO Corcaigh), agus an scríbhneoir agus an scoláire aitheanta, an Dr Éilís Ní Dhuibhne Almqvist.

Beidh léachtaí, siompóisiam, seoltaí leabhar agus comhluadar geanúil ag an Scoil Gheimhridh agus tabharfar cuairt ar Mhúsaem Shaol na Tuaithe, gar do Chaisleán an Bharraigh, ar iarnóin an tSathairn. Beidh Club Merriman ann dhá oíche na Scoile (Aoine agus Satharn); Máirtín Mac Donnchadha (RTÉ RnaG) fear an tí agus is iad Gráinne Mhaol na ceoltóirí. Cuirfidh an Maigheoach Tadhg Mac Dhonnagáin clabhsúr ar imeachtaí na Scoile le cur i láthair pléisiúrtha na mbeidh sé ag tarraingt as tobar an tseanchais, an tsean-nóis, agus gnéithe eile de na healaíona dúchais béil.

CRÍOCH

Press release in English

START

Cumann Merriman will be returning to Westport, County Mayo, for the 11th time in all the weekend of 1-3 February for their 45th annual Irish language Scoil Gheimhridh (Winter School). The theme this year is ‘An Cultúr Dúchais — ó thinteáin go hilmheáin‘ (‘Traditional Culture – from firesides to multimedia.’) and the directors are Máire Ní Neachtain (Head of the Irish Department, Mary Immaculate College, Limerick) and Liam Ó Dochartaigh, current Cathaoirleach of Cumann Merriman.

The organisers feel that the topics to be discussed in Westport are very relevant in 21st century Ireland. Our self-image depends heavily on a belief that our agriculture is ‘green’ and the country generally environmentally-friendly; we’re also thought of as being rich in traditional culture, carefully conserved for future generations. There is no doubt that aspects of traditional culture have successfully negotiated the transition into modernity, for instance, gaelic games and traditional music and dance, but other aspects of our folklore and folklife inheritance have been less successful in maintaining a presence.

Now that the traditional, and mainly rural, ways of living have all but vanished, the presentation of traditional culture is a matter of concern to people in many sectors, e.g. in education, the media, cultural institutions and the heritage area generally, not to mention people’s daily lives, and is also a feature of many tourism offerings. How then might traditional culture be presented, or relevant,or accessed, in a changed and ever-changing Ireland? What is the future of the traditional verbal arts in Irish or English?

Among the distinguished list of speakers at the 2013 Scoil Gheimhridh will be the following well-known authorities in the area of folklore and tradition, Professor emeritus Séamas Ó Catháin (UCD), no stranger to county Mayo, Dr Pádraig Ó Héalaí (NUIG), Dr Lillis Ó Laoire (NUIG), Nicholas Carolan (Irish Traditional Music Archive), Dr Stiofán Ó Cadhla (UCC), and the well-known author and folklore scholar, Éilís Ní Dhuibhne Almqvist.

As well as the customary lectures and seminars, book launches, and lively social scene in Westport, the programme includes a visit on Saturday afternoon to the highly-regarded National Museum of Country Life in Turlough Park, Castlebar. Club Merriman in Hotel Westport on Friday and Saturday nights will have Máirtín Mac Donnchadha (RTÉ Raidió Gaeltachta) as fear a’ tí and music by local musicians Gráinne Mhaol, a repeat of last year’s successful line-up. Mayo-man Tadhg Mac Dhonnagáin’s entertaining presentation on Sunday morning will draw on traditional song and other forms of traditional verbal arts.

END