Díreach go: téama | clár | cainteoirí | preaseisiúint | press release.
An Creideamh Athartha — Críoch nó Athfhás?
- Ionad: Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Dátaí: 2 – 4 Feabhra 2001
- Stiúrthóir: Liam Ó Dochartaigh, Ollscoil Luimnigh
Clár
Ionaid
In Óstán na Páirce i nDún Garbhán a bheidh na himeachtaí go léir ach amháin Seoladh Leabhar na Bliana agus an Seisiún Amhránaíochta ar an Satharn.
Dé hAoine 2 Feabhra
- 5.45
- Clárú: Óstán na Páirce
- 7.30
- Fáiltiú (fíon, sólaistí).
- 8.15
- Oscailt na Scoile.
- An tOllamh John A. Murphy.
- 8.30
- Léacht — An Spioradáltacht Cheilteach: Cumar na dTrí nUisce
- An Dr. Seán Ó Duinn, O.S.B., Mainistir Ghleann Stáil.
- 10.30
- Club Merriman. Ceol, amhráin, rince agus scléip.
- Fear a’ tí: Antaine Ó Faracháin.
Dé Sathairn 3 Feabhra
- 10.15
- Siompóisiam
- Radharc ó Eaglais na hÉireann leis An Dr. Valerie Jones
- Go dteaga Do Ríocht le Máirtín Mac Donnchadha.
- An Creideamh Máthartha le Irena Ní Mháille
- Cathaoirleach: Seán Óg Ó Baoill
- 2.15
- Seoladh Leabhar na Bliana i Leabharlann Dhún Garbhán, Na Céanna.
- Saoi na hÉigse: Féilscríbhinn Sheáin Uí Thuama. Eagg. Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin.
- Cainteoir: An tOllamh Máirtín Ó Murchú
- 3.30
- Seisiún Amhránaíochta á riaradh ag Antaine Ó Faracháin.
- Ionad: The Sailing Club, Na Céanna, Dún Garbhán.
- 8.30
- Léacht — An Réicbhuile Gaelach agus an Réabhlóid Deabhóide
- An Dr. Úna Nic Éinrí, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
- Cathaoirleach: An Dr. Niall Ó Ciosáin.
- 10.30
- Club Merriman. Ceol, amhráin, rince agus scléip
- Fear a’ tí: Antaine Ó Faracháin.
Dé Domhnaigh 4 Feabhra
- 11.30
- Reacaireacht na Scoile, á cur i láthair ag Seán Mac Réamoinn.
Cainteoirí
Tá beathaisnéisí le teacht.
Preaseisiúint i nGaeilge
Scoil Gheimhridh na Fíor-Mhílaoise
Tionóladh Scoil Gheimhridh Chumann Merriman i nDún Garbhán den chéad uair riamh anuraidh. Bhain an lucht freastail ana-shásamh as an Scoil sin agus go háirithe, ba mhór acu an deis cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht uasal na Rinne. An Ghaeilge féin a bhí mar théama anuraidh againn; cúrsaí creidimh atá faoi chaibidil i mbliana. Arís, ní hiontas go gcuirfeadh Cumann Merriman suim san ábhar seo, gné lárnach de chultúr na hÉireann san am a caitheadh agus gné láidir fós i saol príobháideach na muintire, fiú má tá an ghné phoiblí faoi léigear faoi láthair.
Ábhair agus daoine
Táthar ag súil go mbeidh seisiúin ag an Scoil ar na hábhair seo a leanas: an traidisiún Gaelach críostaí; géarchéim na hEaglaise Rómhánaí in Éirinn; iarrachtaí ag daoine éagúla athfhás a spreagadh san eaglais sin (mná go háirithe); dearcadh ar Éirinn ó dhaoine a chaith blianta sa treas domhan; traidisiúin eile seachas an eaglais rómhánach; gluaiseachtaí agus creidimh nua ag teacht go hÉirinn le blianta beaga anuas; agus filíocht agus amhráin ar théama na Scoile.
Páirteach sa Scoil beidh: Louis Marcus, Seán Ó Duinn O.S.B., Seán Óg Ó Baoill, Máirtín Mac Donnchadha, Irene Ní Mháille, Úna Nic Éinrí, Máirtín Ó Murchú, Seán Mac Réamoinn, Doireann Ní Bhriain agus Eoghan Ó hAnluain.
Leabhar na bliana
Is é Saoi na hÉigse: Féilscríbhinn Sheáin Uí Thuama (Eagarthóirí: Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin) Leabhar na Bliana ag Cumann Merriman. An tOllamh Máirtín Ó Murchú a sheolfaidh an leabhar ag an Scoil Gheimhridh.
Beidh amhráin, rince, spleodar agus spraoi ag an Scoil Gheimhridh i nDún Garbhán, an dara Scoil Gheimhridh ag Cumann Merriman sna Déisibh.
Press release in English
To follow.